Friday, December 23, 2005

Beannachtaí an tSéasúir

Bainigí sult an domhain as na laethanta saoire a chairde.
Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise daoibh!

Sunday, December 11, 2005

An fáth a bhfuil mé ag foghlaim Gaeilge

Ceist mhaith atá ann! Bhuel ar dtús, is éireannaigh iad mo thuismitheoirí agus ba ghnách leo an corrfhocal sa Ghaeilge a labhairt liom féin agus le mo dheartháireacha is le mo dheirfiúracha agus muid óg. Ní raibh a fhios acu ach cúpla focal, 'bainne' agus 'dún an doras' mar shampla. Níor tharlaigh sé chomh minic sin ach mar sin féin, chuir sé draíocht orm. -- Tuilleadh le teacht

Thursday, November 17, 2005

Mo chéad Bhlag

Dia dhaoibh a dhaoine,
Conas tá sibh go léir? go maith? Is maith sin. Ar aon nós - Mise Somhairle, is ceoltóir mé as Brighton, Sasana agus táim ag foghlaim Gaeilge le beagnach ceithre bliana anuas. Bainim an-taitneamh aisti agus ba mhaith liom rud éigin a chur leis an láithreacht Ghaeilge atá ag méadú ar an idirlíon. So mar sin de, seo daoibh mo chéad bhlag.
Tá sé mar aidhm agam a oiread Gaeilge agus is féidir a scríobh. Gan amhras déanfaidh mé go leor bótuin agus beidh cuma ar mo chuid Gaeilge níos mó cosúil le Béarlachas scaití. Mo leithscéal roimh ré faoi sin. Is foghlaimeoir mé agus déanfaidh mé mo dhícheall. Ar ndóígh, Fáilte Roimh Cheartúcháin.