Thursday, November 17, 2005

Mo chéad Bhlag

Dia dhaoibh a dhaoine,
Conas tá sibh go léir? go maith? Is maith sin. Ar aon nós - Mise Somhairle, is ceoltóir mé as Brighton, Sasana agus táim ag foghlaim Gaeilge le beagnach ceithre bliana anuas. Bainim an-taitneamh aisti agus ba mhaith liom rud éigin a chur leis an láithreacht Ghaeilge atá ag méadú ar an idirlíon. So mar sin de, seo daoibh mo chéad bhlag.
Tá sé mar aidhm agam a oiread Gaeilge agus is féidir a scríobh. Gan amhras déanfaidh mé go leor bótuin agus beidh cuma ar mo chuid Gaeilge níos mó cosúil le Béarlachas scaití. Mo leithscéal roimh ré faoi sin. Is foghlaimeoir mé agus déanfaidh mé mo dhícheall. Ar ndóígh, Fáilte Roimh Cheartúcháin.